Torthaí
Na Turgnaimh
Táim sásta le rá gur bhain mé an ola Limonene as craicne oráistí. Le oráiste amháin agus an driogadh gal ar súil le haghaidh uair a cloig, fuair mé, ar meán, 5mL Limonene.
An modh is fearr chun é seo a dhéanamh ná:
- Oráiste grátáilte a úsáid mar slí ullmhúcháin
- Driogadh gal ag úsáid an trealamh thíos

Bhí sé an éasca an ola a bhaint anseo mar bhí sé ag snámh ar
an uisce agus bhí mé in ann é a bhaint le pipéad.
Figiúirí: Táirge Limonene le Oráistí agus Polaistíréin a Dhianscaoileadh
An bhliain seo caite tháinig 23419 tonna de oráistí agus 59077 de gach saghas torthaí citreach, mar shampla líoma, líomóid, seadóg isteach go Éirinn. Má fheice ann tú tá leath den iarmhéid oráistí agus samhlaigh, cá bhfuil na craicne sin go léir ag dul? Té ann siad mar fuíoll go dtí an líonadh talún don chuid is mó . Bíonn roinnt daoine ag baint úsáid as muirnín péist ach in ár scoil níl ach clan amháin.
Nuair a bhí an ola Limonene bailithe agam, rinne mé roinnt tástáil leis ar an
polaistíréin.
Ar dtús rinne mé tástáil chun an dlús a fháil. Fuair mé an meáchan agus an
toirt roimh agus tar éis an limonene a chuir ar. Chuir mé 0.5mL ar pointe
amháin agus d'fhág mé é thar oíche agus fuair mé an toirt agus meáchan
arís.
Tástáil Limonene ar Polaistiréin |
Toirt roimh Limonene:
Fad = 10.2 cm
Leithead = 8.2 cm
Airde = 1cm
Toirt = 83.64cm 3
Dlús = Mais/Toirt
Meáchan roimh Limonene: 1g
Dlús roimh Limonene :
1g/83.64 cm 3 = 0.01g/cm 3 |
Toirt tar éis Limonene:
Bhí sé ró-dheacair an toirt a fháil mar bhí an cruth neamhrialta agus chuaigh sé díreach tríd an polaistíréin. Áfach, rinne mé meastacháin go raibh sé leath imithe: Toirt: 41.82 cm 3
Meáchan tar éis Limonene: 1g
Dlús tar éis Limonene:
1g/41.82 cm 3 = 0.02g/cm 3 |
Is léir go méadaigh an dlús faoi dhó. Ciallaíonn sé sin go laghdaigh an toirt ach d'fhan an mais mar a gcéanna. Ciallaíonn sé sin go raibh an plaisteach ar fad fós ansin agus d'imigh an aer. An príomh rud ná go laghdaíonn sé an méid bruscar atá ann.
Chun an toirt a fháil i gceart, rinne mé tástáil le píosa polaistíréin níos
mó. Chuir mé 0.5ml ar pointe amháin agus d'fhág mé é thar oíche.
Fuair mé toirt an méid polaistiréin trí uisce a chuir sa poll agus é a chuir sa
sorcóir grádaithe ansin. Bhí an toirt 35cm 3 .
Agus an eolas seo agam, rinne mé beagáinín mata chun éifeacht limonene ar polaistiréin a scrúdú ar scála mór:
- 5ml Limonene ó oráiste amháin
- 0.5ml chun 35cm 3 de polaistiréin a dhianscaoileadh
- Mar sin, is féidir 1ml - 70cm 3 de polaistiréin a dhianscaoileadh.
- Le 1 lítear, dianscaoileadh sé 70,000cm 3 (.07m 3 ) de polaistiréin.
23 419 tonna oráistí iompórtálaithe i bliain amháin =
23 419 000 000 gram (1 tonna = 1 000 000g)
Oráiste amháin ar meán = 260 g
Uimhir oráistí ar meán = 23 419 000 000g/260g = 9 007 3077 oráistí san iomlán
Mar sin 23 419 tonna = 90 073 077 oráistí
1 tonna = 3846 oráistí
Má tógaim 3846 oráistí i tonna amháin agus má faightear 5ml ó gach oráiste, ba cheart go dtugfaidh sé seo 19.23 lítear de limonene dom.
Mar sin: 23 419 tonna = 90 073 077 oraístí = 450 347 lítear
Má dianscaoileann 1 lítear de limonene - 0.07m 3 polaistírein, dianscaoileadh 19.23 lítear (tonna amháin de oráistí) 1.35 m 3 de polaistíréin.
Má tógaim gach chraicinn oráiste a raibh iompórtálaithe (23 419 tonna) isteach go hÉireann i 2007, is féidir 450 347 lítear a tháirge is féidir linn
31 524 m 3 de polaistiréin a dhianscaoileadh.
31 503 m 3 de polaistiréin go tonna :
Ag úsáid an dlús níos luath :
Mais/31 524 000 000 cm 3 = 0.01g/cm 3
Mais = 315 240 000g = 315.24 tonna polaistíréin a dhianscaoileadh!!!!
An bhliain seo caite, 2007, bailítear 9.30 tonna i Luimneach. Ciallaíonn sé sin go mbeadh dóthain limonene chun é ar fad a dhianscaoileadh agus I bhfad níos mó timpeall na tíre! |